Leideanna Úsáideacha Cuardaigh

Cuardaigh Shaoróige

Úsáid an siombail ? chun cuardach saoróige aon charachtar a dhéanamh.

Mar shampla, má tá tú ag cuardach "text" nó "test" féadfaidh tú

te?t
a úsáid i gcomhair an chuardaigh.

Úsáid an siombail * chun cuardach saoróige ilcharactar, 0 nó níos mó, a dhéanamh.

Mar shampla, féadfaidh tú

test*

a úsáid chun test, tests nó tester, a chuardach.

Féadfaidh tú cuardaigh shaoróige a dhéanamh i lár téarma.

te*t

Tabhair faoi deara: Ní féidir na siombailí * ná ? a úsáid mar chéad charachtar chun cuardach a dhéanamh.

Cuardaigh Neamhbheachta

Úsáid siombail an tilde ~ ag deireadh Téarma Aon fhocail. Mar shampla, úsáid an cuardach neamhbheacht:

roam~ 
chun cuardach a dhéanamh ar téarma a litrítear ar bhealach cosúil le “roam”.

Aimseoidh an cuardach seo téarmaí mar “foam” agus “roams”.

Féadfar paraiméadar breise a chur leis chun an chosúlacht atá riachtanach a shainiú. Má tá an luach idir 0 agus 1, agus má tá an luach sin níos cóngaraí do 1, ní dhéanfar ach téarmaí a bhfuil cosúlacht níos airde acu a mheaitseáil. Mar shampla:

roam~0.8

Is é 0.5 an réamhshocrú a úsáidfear mura dtugtar an paraiméadar sin.

Cuardaigh Ghaireachta

Úsáid siombail an tilde ~ ag deireadh Téarma Il fhoclach. Mar shampla, chun cuardach a dhéanamh ar “economics” agus “Keynes” atá laistigh de 10 bhfocal ó chéile: iontráil

"economics Keynes"~10
Cuardaigh Réimsí

Úsáideann tú na carachtair { } chun cuardach réimse a dhéanamh. Mar shampla, chun cuardach a dhéanamh ar théarma a thosaíonn le A, B, nó C: iontráil

{A TO C}

Féadfar an rud céanna a dhéanamh i gcás réimsí mar Bhlianta:

[2002 TO 2003]
Treisiú Téarma

Féadfaidh tú luach níos mó a thabhairt do théarma trí úsáid an charachtair ^. Mar shampla, féadfaidh tú triail a bhaint as an gcuardach seo a leanas:

economics Keynes^5

Rud a thabharfaidh luach níos airde don téarma "Keynes"

Oibreoirí Boole

Cinntíonn oibreoirí Boole gur féidir téarmaí a chomhcheangal le hoibreoirí loighce. Ceadaítear na hoibreoirí seo a leanas: AND, +, OR, NOT agus -.

Tabhair faoi deara: Ní mór na hoibreoirí Boole a scríobh i gCEANNLITREACHA

AND

Is é an t-oibreoir AND an t-oibreoir réamhshocraithe comhcheangailte Ciallaíonn sé sin go n-úsáidfear an t-oibreoir AND mura bhfuil aon oibreoir Boole idir an dá théarma. Meaitseálann an t-oibreoir AND na taifid ina bhfuil an dá théarma le fáil aon áit i réimse taifid.

Breac isteach an t-iarratas:

"economics Keynes" Keynes

nó úsáid

economics AND Keynes
chun taifid a chuardach ina bhfuil "economics" agus "Keynes"
+

Éilíonn "+" nó an t-oibreoir riachtanach go mbeadh an téarma i ndiaidh na siombaile "+" áit éigin i réimse taifid.

Chun cuardach a dhéanamh ar thaifid nach mór "economics" a bheith iontu agus a d’fhéadfadh "Keynes" a bheith iontu freisin breac isteach an t-iarratas:

+economics Keynes
OR

Comhnascann an t-oibreoir OR an dá théarma agus faigheann an taifead meaitseála má tá ceachtar den dá théarma i dtaifead.

Más mian leat doiciméid a chuardach ina bhfuil "economics Keynes" nó "Keynes" leis féin breac isteach an t-iarratas:

"economics Keynes" OR Keynes
NOT

Eisíonn an t-oibreoir NOT taifid ina bhfuil an téarma i ndiaidh NOT.

Más mian leat doiciméid a chuardach ina bhfuil an focal "economics" ach nach bhfuil "Keynes" iontu breac isteach an t-iarratas:

"economics" NOT "Keynes"
chun cuardach a dhéanamh ar dhoiciméid ina bhfuil "economics" ach nach bhfuil "Keynes" iontu

Tabhair faoi deara: Ní féidir an t-oibreoir NOT a úsáid le téarma aonair amháin. Mar shampla, ní thabharfaidh an cuardach seo aon toradh duit:

NOT economics
-

Fágann an t-oibreoir toirmiscthe - ar lár doiciméid ina bhfuil an téarma i ndiaidh na siombaile "-".

Más mian leat doiciméid a chuardach ina bhfuil an focal "economics" ach nach bhfuil "Keynes" iontu breac isteach an t-iarratas:

economics -Keynes
Cannot write session to /tmp/vufind_sessions/sess_7vgd87372tnfuggvbbpmee6gm8